Bhaineamar an-taitneamh as an tseachtain roimh Lá ‘le Pádraig. Bhíomar ag péinteáil, ag bácáil, ag damhsa, ag canadh agus ag seinm ceoil. Bhí céilí mór againn ar an Déardaoin agus bhíomar gléasta go galánta ar an Aoine in onóir do Naomh Pádraig. Féachaigí ar na pictiúir anseo.